An teaghlach, bhí a athair ag obair ar an Chomhairle Contae agus d’fhág sin saothrú beag acu. Ba feirmeoireacht is mó a bhí a dhéanadh ag daoine na háite.
00:02:13
Bunadh an teaghlaigh: De bhunadh Chlann tSuibhne na dTuath (a tháinig as Albain) a mhuintir – seanchas an chlainne agus mar a tháinig siad go hÉirinn. Dhíbir Clann tSuibhne Clann Uí Bhaoighill agus ghlac siad seilbh ar an chaisleán. Seanchas beag faoi Tharlach Óg Ó Baoighill a bhí ag iarraidh iníon Mhaolmuire an Bhata Buí, Eibhlín, a phósadh. Cuireadh Eibhlín faoi ghlas sa dún i gCaisleán na dTuath agus chaith sí í féin anuas ó bharr an dúin agus maraíodh í.